A chara, 

Cuirfear foirmeacha iarratais amach roimh dheireadh na seachtaine seo chugainn (22ú Meán Fómhair) d’éinne atá tar éis foirm léiriú suime a chur go Gaelachas Teoranta cheanna féin. 

Application forms will be sent before the end of next week, (Fri 22nd of Sept) to parents of children who have sent in ‘expression of interest’ form already to Gaelachas Teoranta. 

Déan Teagmháil le Gaelachas Teoranta do thuilleadh eolais – 0214821116 

Please contact Gaelachas Teoranta for more information – 0214821116

Bliain Nua

Fáilte roimh gach uile dalta nua i Scoil na nÓg don bhliain nua 2017. 

Táimid chomh sásta leis na daltaí chuige seo, táid uile chomh deas agus sibhialta agus ag obair go dian cheana féin.

 

Craobh Sciath na Scol 2017

Scoil na nÓg V Scartleigh

Cad é mar chluiche a bhí ann inné. Aon chúl déag ar an iomlán a bhí ann agus ba dheacair buaiteoir a roghnú. D’osclaíomar le poc 65 ó Eddie Ó Cochlán chun an cúntas a oscailt ach níorbh fhada gur tháinig Daithí Ó Creimín ó Scartleigh ar an ionsaí le 1-1 tapaidh uaidh. Go luath ina dhiaidh sin, do roinn Neil Ó Cochlán, Scoil na nÓg, agus Stiofán Ó Sé, Scartleigh cúl an duine. Ansin ghnóthaigh captaen na foirne do Scoil na nÓg Colm Ó Riagáin agus Ruairí Ó Cuimín, cúilín an duine agus an Scór a bhí ann ag leathama ná Scartleigh 2-2 V 1-3 Scoil na nÓg. 

Mar a dúirt Damien Cahalane ar a chuairt chun na scoil an lá roimhe, ‘ná imigh chun scaoill riamh, lean oraibh leis an imirt agus má tá sibh maith go leor agus compordach in bhur gcumas, beidh an lá libh’. Is cosúil go raibh glór Damien ag déanamh macalla in aigní na mbuachaillí. 

Sa dara leath ghlac Scartleigh an roth stiúrtha agus chuir siad san eangach a dtriú cúl. Bhí Scoil na nÓg anois le teann ollmhór agus bhí rud éigint speisialta luachmhar uainn agus tarlaíonn rudaí luachmhara ina dtrí. Tháinig siad i bhfoirm Eddie Ó Cochlán, Ruairí Ó Cuimín agus captaen Colm Ó Riagáin. Ghnóthaigh siad ceithre chúl agus dhá cúilín eatarthu agus mharaigh sé meon Scartleigh. In ndiaidh na foighne tháinig an toradh. 

Chuir Marc Ó Duibhir taispeántas iontach os comhair tslua chomh maith, le hobair an chapaill agus cúilín gleoite chun an tabhairne a chur sa chónra! Maith sibh leaids agus comhghairdeas!

Buíochas ollmhór do Mhicheál Ó Lochlainn agus Múinteoir Joe a bhí i mbun na foirne. 

Thug Mícheál a chuid taithí imeartha ó Chontae an Chláir agus a chlub Cluain Lára do na buachaillí agus cad é mar dhifríocht a rinne sé ar an lá. Ard fhear Mícheál!

 

Féach ar an an bhfís seo ar shuíomh an Evening Echo ón gcraobh…. FÍS/VIDEO > ANSEO!

 

 

GLIOGÁIL – CLICK!

Ag déanamh scrios ar gheansaí eile Thiobraid Árainn!

DAMIEN CAHALANE

 

Seo ‘Big Ben’ – ach an raibh tú ar an eolas nárbh é ‘Big Ben’ ainm an chloig ach ainm an chloigín atá taobh thiar den chlog.

Chuamar go Londain ar thuras Scoile le déanaí agus cad é mar trí lá a bhí againn ann…..

Seo mar a leanas a thit amach cúrsaí

  • Dé Céadaoin  – Turas chuig lár na Cathrach
    • Turas timpeall Westminister
    • London Eye Tour
    • Lion King Musical  – Ceoldráma an Lion King ag an Westend 
  • Déardaoin – Páirc Siamasaíochta Chessington – Chessington Theme Park 10/10
    • Siopadóireacht ag Westfield
    • Scíth a ligean agus Béile a ithe
  • Aoine – Turas chuig Iarsmalann Eolaíochta na Cathrach – London Science Museum
    • Turas ar Abhainn an Thames 
    • Turas chuig an London Statium – Páirc imeartha le West Ham Utd. 
    • Turas abhaile  – Scriosta!!!!
  • We had such a fantastic time in Londan between seeing and learning new things in one of the worlds most diverse and historic cities. 

Ribe Róibéis ag glanadh méara le Pádraig

Teidí buaite ag na cailíní….

Guairneán Guaigíneach
Gí Gí
AKA ‘Fidget Spinner’

Súil Londain – London Eye

Iománaíocht

Tá Craobh iománaíochta Sciath na Scol Roinn DH2 bainte amach ag foireann na mbuachaillí i mbliana. Imreoidh siad in aghaidh Scoil Náisiúnta Scartleigh ar an 24ú de Bhealtaine 2017 ag a 12i.n. ag CIT. 

Ba bhreá linn dá dtiocfadh tusití agus baill clainne chun tacaíochta a thabhairt agus an ócáid a cheiliúradh. Éacht iontach atá ann. Maith sibh a bhuachaillí.

Craobh iománaíochta Sciath na Scol ar fhíor na spéire dúinn!

L-R Cúl Sraith – Michéal Ó Finn (Roghnóir), Mel Breathnach, Cian Ó Briain, Cees Kouwenberg, Diarmuid Ó Seanacháin, Adam Ó hArrachtáin, Seanán Ó Briain, Gabhán Ó Cnoic, Eddie Ó Cochlán, Micheál Ó Súilleabháin, Lúcás Ó Céilleachar, Ciaráin Ó Súilleabháin, Liam Breathnach,  Cónan Ó Seoigh (Fear Trealaimh)

L-R Sraith Tosaigh – Pádraig de Brún, Tomás Knoblauch, Pierce Mac Lochlainn, Jude Ó Máille, Caoimhín Mac Fhlannchaidh, Colm Ó Riagáin, Marc Ó Duibhir, Seamús Ó Cathasaigh, Ruairí Ó Cuimín, Dónal Ó Cléirigh, Neil Ó Cochlán. 

 

Camógaíocht

tImreoidh na Cailíní in aghaidh Ovens (amárach), Céadaoin 16ú Bealtaine 2017 in Ovens ag a 1pm sa leathchraobh. Ní dheachaidh na Cailíní chomh fada le seo sa chomóratas iománaíochta le cuimhne na ndaoine! Maith sibh a chailíní. 

Lean oraibh agus go néirí libh agus bhur bhfoireann stiúrtha – Muireann, Emma agus Mícheál.

 

C go D chun cúil: Grás Ní Loingsigh, Yvonne Abernethy, Cáit Ní Chadhla, Emma Nì Dhrisceoil, Muireann Nic Mhaoláin, Sinéad Nic Ruairí, Megan Ní Chadla,  Chara Ní Néill, Gillian Ní Raghallaigh

C go D chun tosaigh: Emily Ní Nualláin, Aisling Nic Cárthaigh, Erin Trought, Jill Ní Chathasaigh, Áine Ni Cheallaigh, Olivia Nic Cárthaigh, Sophia Nic Cuileann , Orlaith Ní Mhaoláin, Áine Ní Chearúil.

  • Hardback A5 X2
  • Hardback A4 X2
  • Diary – Received €3.75
  • Spiral bound display folder – Received €5
  • Biro GORM/DUBH/DEARG X2
  • Peann luaidhe 2B and 4B X2 each
  • Maths Copy X2
  • Normal Copies 88pg X10
  • Mathematical Set
  • Ruler
  • Small Calculator (Tesco)