Sinne
Fáilte go Scoil na nÓg, áit a mbuaileann an t-oideachas leis an tumoideachas
Focal ón bPríomhoide
I Scoil na nÓg, tumtar na daltaí i rang a cúig agus rang a sé ó chúlra an Bhéarla, don chuid is mó, sa Ghaeilge. Baineann na daltaí ardchaighdeán Gaeilge amach, gan baint óna scileanna sa Bhéarla.
Tá múnla an tumoideachais i bhfeidhm i Scoil na nÓg agus cuirtear córas ar bun a chuidíonn le páistí an Ghaeilge a shealbhú go nádúrtha trí eispéireas laethúil i dtimpeallacht lán-Ghaeilge. Ciallaíonn sé seo gur trí Ghaeilge a mhúintear gach ábhar scoile, seachas an Béarla.
Aidhmeanna
Tumoideachas
Fáilte
Curaclam
Forbairt
Timpeallacht
Ráiteas Misín
Bunscoil lán-Ghaelach, mheasctha, ilchreidmheach í Scoil na nÓg. Cuirtear oideachas ilghnéitheach ar ardchaighdeán ar fáil trí mhéan na Gaeilge.
Cothaítear forbairt iomlán gach dalta in atmaisféar Gaelach, dearfach, spreagúil. Tá Scoil na nÓg faoi phatrúnacht Ghaelachas Teoranta.

Polasaithe
Déan iniúchadh ar pholasaithe na scoile a chlúdaíonn gnéithe éagsúla de leas na ndaltaí, sábháilteacht, iompar, agus caighdeáin acadúla.
I measc na mbeartas eile atá ar fáil ón scoil tá:
- Polasaí Scoile ar Fhóin Phócaí
- Polasaí Post Roinnte, Sos Ghairm agus Múinteoir ar Iasacht
- Polasaí na Gaeilge
- Polasaí Gnás Feistis na Scoile
- Polasaí Theagmhais Chriticiúil
- Polasaí Úsáide Inghlactha Ríomhairí agus Idirlín
Daltaí Lae-Chónaithe
Seach-Churaclam
Tá na himeachtaí seo lárnach i bhforbairt iomlán an dalta i Scoil na nÓg.
Na hEalaíona Cruitheachta
Aithnítear an tabhacht a bhaineann leis na healaíona cruthaitheacha.
Spórt
Ficheall
Díospóireacht
Leabhar Liosta
Faigh rochtain ar an leabhar liosta anseo.

Féinmheastóireacht Scoile
Anseo, ag Scoil na nÓg, aithnítear an tabhacht a bhaineann le hathbhreithniú agus machnacmh a dhéanamh ar chleachtais scoile chun fás gáirmiúil a chinntiú.
Foireann Teagaisc na Scoile

Muireann Ní Arrachtáin
Príomhoide

Megan Nic Mhaonghail
Leas-Phríomhoide/Múinteoir Ranga

Caitríona Ní Chonchúir
Múinteoir Oideachais Speisialta

Julie Ní Chuirtín
Múinteoir Oideachais Speisialta

Nisha Ní Mhathúna
Cúntóir Riachtanais Speisialta
Stair na Scoile
“Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine”. Nach minic a chloistear an seanfhocal seo nuair a thugtar moladh don phobal as seasamh le chéile. San alt beag seo, tugtar aitheantas don phobal Gaeilge a raibh sé de mhisneach acu dushraithe Scoil na nÓg a leagadh síos agus do na ceannródaithe a mhúnlaigh, agus leanann orthu fós, ag múnlú na scoile.
Bunú Scoil na nÓg
Nuair a bunaíodh Gaedhlachas Teoranta sa bhliain 1942, bhí dream beag daoine ann a chreid go bhféadfaí an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a athbheochan agus a thabhairt slán. Cheannaigh Gaelachas Teoranta Teach Ghleann Maghair agus an talamh a bhí ag gabháil leis nuair a cuireadh ar an margadh é sna caogaidí. Bunaíodh Scoil na nÓg ann sa bhliain 1958. I dtús báire, bhí idir bhuachaillí agus chailíní ag freastal ar an scoil chónaithe nua. Scoil chónaithe do dhaltaí idir 9 mbliana agus 13 bliana a bhí ann arbh í an Ghaeilge an teanga foghlama agus cumarsáide ann. Tumoideachas a tugadh air níos déanaí. Coincheap nua go leor a bhí i scoileanna den chineál seo in Éirinn. I 1959, rinneadh cinneadh go n-osclófaí scoil den chineál seo i dTrá Bholgáin in OIrthear Chorcaí do bhuachaillí amháin agus go leanfadh an scoil i nGleann Maghair ag freastal ar chailíní. Bhí coláistí samhraidh ar bun le tamall de bhlianta I dTrá Bholgáin á rith ag Gaedhalachas Teoranta. Thosaigh Tomás Ó Ríordáin mar bhunmhúinteoir ann I 1969 in éineacht le Fionnbarra Ó Ceallaigh ó Chúil Aodha. Thagadh daltaí ó cheann ceann na tíre chun an toideachas lán- Ghaeilge den scoth a bhí ar fáil a bhlaiseadh. Bhí an obair dhian, uaireanta chloig an-fhada. B’annamh sna laethanta úd a théadh na daltaí abhaile agus dá bhrí sin, d’fhéadfaí féachaint ar an scoil mar bhaile ó bhaile.
Cuireadh deireadh leis an nGaeilge éigeantach don státseirbhís agus do na scrúdaithe stáit in 1973 agus ag an am céanna, fuair Gaedhealacha Teoranta cead meánscoil lán-Ghaeilge a oscailt. Dá dheasca, tógadh cinneadh an scoil I dTrá Bholgáin a dhúnadh agus an dá Scoil na nÓg a nascadh. Ceapadh Tomás Ó Ríordáin mar Ardmháistir ar an scoil chónasctha.
Ard-chaighdeán
Mhúnlaigh Tomás an t-ardchaighdeán a bhain agus a bhaineann fós le Scoil na nÓg. Bhí curaclam leathan ar fáil. Bhí ábhair mar ealaín, ceol, Laidin, Fraincis ar fáil do na daltaí óga, rud a bhí an-eisceachtúil ag an am. Tógadh daltaí ar thurasanna oideachasúla, bhí raidhse spóirt ar fáil dóibh. Bhí leisce ar go leor de na daoine óga teacht ann ach faoi dheireadh na bliana bhí leisce orthu imeacht.
Todhchaí
Sa lá atá inniu ann, leantar fós ag cothú grá don Ghaeilge agus don traidisiún I Scoil na nÓg Leantar an sampla a thug na bunaitheoirí agus déantar éispéireas eisceachtúil a chur ar fáil do na daltaí faoina cúram. Ceapadh Carmel Ní-Chiardha Bhriain ina Príomhoide I 2004 nuair a d’eirigh Tomás as an múinteoireacht.
Ceapadh Muireann Ní Arrachtáin ina Príomhoide ó 2018 i leith.
Tá pobal na scoile uile go mór faoi chomaoin ag ceannródaithe mar seo a leanann orthu fós ag treabhadh leo i ngort na Gaeilge agus an oideachais.
‘Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine’
Eolas faoi Scoil na nÓg tógtha ó alt a bhí sa ‘Glanmire Area News’ a scríobh Mícheál Ó Súilleabháin i Mí Lúnasa, 2018.
