An Bord Bainistíochta

Ruairí Ó Catháin

Cathaoirleach

Muireann Ní Arrachtáin

Rúnaí, Príomhoide

Baill an Bhoird

Megan Nic Mhaonghail

Leas-Phríomhoide/Múinteoir Ranga

Ciarán Ó Maoileáin

Tuismitheoir

Seán Mac Cárthaigh

Tuismitheoir

Cairde na Scoile

Ní neart go cur le chéile

Cairde na Scoile (Parents' Association)

Bunaíodh Cairde na Scoile i Scoil na nÓg i 2025. Is é Cairde na Scoile, nó Conradh na dTuismitheoirí, an grúpa Tuismitheoirí atá bunaithe chun nasc láidir a chruthú idir saol na scoile agus an bhaile.

Tá ról tábhachtach ag Cairde na Scoile i gcur chun cinn an phobail scoile, ag tacú le tionscnaimh na scoile, agus ag cur le taithí iomlán na bpáistí agus na dtuismitheoirí.

Comhairle na Scoile

Tá Comhairle na Scoile tiomanta do ghuthanna na ndaltaí a léiriú. Oibrímid le chéile chun timpeallacht scoile dhearfach agus chuimsitheach a chruthú, chun imní na ndaltaí a réiteach, agus chun imeachtaí a phleanáil a fheabhsaíonn ár bpobal scoile.
 
Bígí linn chun difríocht a dhéanamh!

An Coiste Glas

Sa Choiste Glas i Scoil na nÓg, oibrímid go dian chun ár dtimpeallacht a chaomhnú agus feasacht a mhéadú faoi thábhacht na hinbhuanaitheachta.

Eagraímid lá piocadh bruscair go minic chun ár scoil agus an ceantar máguaird a choimeád glan.

Tá cárta Leap ag gach páiste ar scoil agus nuair is indéanta, úsáidimid an bus poiblí in ionad busanna príobháideacha a chur in áirithe chun ár lorg carbóin a laghdú.

Tá grúpa daltaí freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar athchúrsáil, dramhaíl agus múirín sa scoil. Cinntíonn siad go bhfuil ábhair athchúrsála á gcur sa bhosa bruscair ceart agus go bhfuil an córas múirín á úsáid i gceart chun dramhaíl a laghdú.

Déanaimid suirbhé scoile chun na háiteanna is mó truaillithe le bruscar a shainaithint, agus cruthaímid póstaeir timpeall na scoile chun feasacht a ardú. Spreagaimid daltaí agus múinteoirí pleanáil a dhéanamh chun úsáid plaistigh aonúsáide a laghdú agus aistriú go roghanna níos inbhuanaithe.

Trí na gníomhaíochtaí seo go léir, táimid ag spreagadh athrú dearfach i measc na scoláirí agus an phobail, agus ag cruthú cultúr cúraim don chomhshaol sa scoil.

Scoil na nÓg - The Green Committee
Scoil na nÓg - An Coiste Glas
Scoil na nÓg - Active Committee

An Coiste Gníomhach

An scoil bhliain seo tá muid ag obair i dtreo an brat gníomhach a bhaint amach. Tá an coiste gníomhach gnóthach ag eagrú gníomhaíochtaí i láthair na huaire.

Tá muid ag tabhairt faoi dhúshlán na sosanna gníomhacha faoi láthair atá eagraithe ag an gcoiste gníomhach. Tá cosán gníomhach againn áit a mbíonn muid ag foghlaim go gníomhach.

Beidh an-chuid imeachtaí idir lámha againn idir seo agus deireadh na bliana.

Scroll to Top